FRGJOB_1341
Location: Uibh Ráthaich, Co Kerry
Closing date: 2 Deireadh Fómhair 2025
Is tionscadal píolótach trí bliana é an tionscnamh seo, atá faoi réir maoinithe agus meastóireachta. Tá an tionscadal maoinithe go comhpháirteach ag roinnt páirtithe leasmhara – An Roinn Oideachais & Óige, BOOCh, Gaeilge Iorrais, Muintearas Teo, Coiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Dúchas an Daingin agus Glór na nGael.
Is tionscadal úrnua agus nuálach é seo a thabharfaidh deis do dhaoine óga sóisialú agus páirt a ghlacadh i gcláir agus i ngníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge. Beidh an tOifigeach Óige freagrach as obair óige uilíoch a chur ar fáil do dhaoine óga in Uíbh Ráthach.
Beidh plean oibre á fhorbairt i gcomhar le hOifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta agus an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus le daoine óga trí Ghaeilge.
Beidh baint ag an obair le hoibrithe deonacha, pobail agus páirtithe leasmhara chun daoine óga a aithint agus a mhealladh. Is é an príomhfhócas ná clár oibre óige a chruthú do gach duine óg trí Ghaeilge.