FRGJOB_1391
Location: Gaeltacht Uíbh Ráthaigh (Iveragh)
Closing date: 8th Eanáir 2026
Is tionscadal píolótach trí bliana é an tionscnamh seo, atá faoi réir maoinithe agus meastóireachta. Tá an tionscadal maoinithe go comhpháirteach ag roinnt páirtithe leasmhara – An Roinn Oideachais & Óige, BOOCh, Gaeilge Iorrais, Muintearas Teo, Coiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Dúchas an Daingin agus Glór na nGael.
Is tionscadal úrnua agus nuálach é seo a thabharfaidh deis do dhaoine óga sóisialú agus páirt a ghlacadh i gcláir agus i ngníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge. Beidh an tOifigeach Óige freagrach as obair óige uilíoch a chur ar fáil do dhaoine óga i gceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh agus ceantar leithinse Uíbh Ráthaigh.
Beidh plean oibre á fhorbairt i gcomhar le hOifigigh Pleanála Teanga na gceantar Gaeltachta agus le daoine óga trí Ghaeilge.













